Spás
- Rinne mé stáidéar ar an scéal ‘Spás’ le Michael O Ruairc.
- Is é téama ____________________ an téama is láidre sa scéal seo.
- Gan dabht, feictear go leor samplaí den mhothúchán/ téama/ tréith tríd an scéal seo.
- Ag tús an scéil, bhí Padraigín sona sásta lena saol sa bhaile agus ar scoil.
- Bhí a spás féin aici.
- Sa bhaile, bhí a seomra codlata féin aici freisin.
- Mar sin, bhí sí abálta léamh nó éisteacht leis an raidió aon uair ba mhaith léi.
- Ach trí mhí ó shin, rugadh a deartháir óg Peadar agus dá bhrí sin, tháinig athrú ollmhór ar a saol.
- Anois, caithfidh sí a seomra codlata a roinnt lena deirfiúr agus mar sin, níl aon phríomháideacht aici.
- Caithfidh sí dul ina codladh ag a deich a chlog ag an deireadh seachtaine.
- Anuas air seo, dúisíonn Aoife í ag a seacht a chlog ar maidin lena playstation glórach.
- Cuireann sí isteach uirthi.
- Chomh maith leis sin, ní féidir léi stáidéar a dhéanamh freisin mar bíonn Peadar ag caoineadh agus ag gol an t-am ar fad.
- Níl aon faoiseamh aici ar scoil freisin.
- Bogadh í go barr an ranga mar bhí sí ag féachaint amach an fhuinneog.
- Bhí spás aici ag bun an ranga.
- Níl Pádraigín sásta ar scoil, ní maith léi staidéar a dhéanamh.
- Cuireann a tuismitheoirí a lán brú uirthi freisin.
- Is dócha go bhfuil sí i ndeireadh na feide freisin.
- Ní raibh sí sásta lena saol ghrá freisin.
- Bhuail sí le buachaill álainn darb ainm Diarmuid an samhraidh seo chaite nuair a d’fhan sí lena seanmháthair faoin tuath.
- Nuair a chuaigh sí ar ais go dtí an chathair, chuir a tuismitheoirí stop léi ag scríobh litreacha chuige.
- Mar sin, bhí a croí briste agus bhí brón an domhain uirthi.
- Is léir ó na pointí thuas go bhfuil ………………….. le feiceáil sa scéal seo.

Spás: Eocharfhocail B) Cuir Béarla ar na focail seo a leanas
➢ Faoiseamh: ________________________________
➢ Croí briste: _________________________________
➢ Brú: _______________________________________
➢ Caithfidh sí: _________________________________
➢ A seomra codlata a roinnt: ______________________
➢ Glórach: _____________________________________
➢ Cuireann sí isteach uirthi: ________________________
➢ Faoin tuath: __________________________________