StudyNotes.ie

Cluiche peile 

Can be used for essay question on:  A football match, A day you’ll never forget  {lá nach ndéanfaidh tú dearmad go deo}, a day out { lá amach} 

Is maith is cuimhin liom an lá. Baile Átha Cliath in aghaidh Ciarraí i ceannais na hÉireann. Thug mo thuismitheoirí na ticéid dom ar mo bhreithlá. D’fhreastal mé ar gach cluiche an bhliain sin. Anois bhí an ócáid mhór ag druidim liom agus bhí mé ar bís!  

Bhí sceitimíní an domhain orm ag smaoineamh ar an lá a bhí romham. D’eirigh mé go moch an mhaidin sin agus d’fhéach mé amach an fhuinneog. Bhí stoirm ag réabadh amuigh. Lá dona le haghaidh cluiche peile a cheap mé!  

D’ith mé mo bhricfeasta go tapaidh. Ansin, amach an doras liom agus bhuail mé le mo chara Seán ag an stáisiún traenach. Bhí slua mór de lucht tacaíochta Bhaile Átha Cliath ar an traein. Nuair a shroich muid lár na cathrach bhí atmaisféar  leictreach le braith.  

Bhí radharc den scoth againn den pháirc, gan a thuilleadh moille tháinig na foirne amach. Chan mé ‘Amhrán na Bhfiann’. Ina dhiaidh sin, chaith an réiteoir an liathróid isteach. Ar an drochuair, scóráil Ciarraí cúl go luath sa chluiche. 

Ag leath ama bhí Ciarraí ar phointe amháin chun tosaigh ach mé an - mhuiníneach go mbeadh an bua againn. Bhí teannas le braith. Thosaigh troid amaideach ar an taobhlíne agus cuireadh mo laoch, Steven Cluxton, den pháirc. 

 Beagnach ag deireadh an chluiche bhí siad ar chomhscór. Shéid an réiteoir an fheadóg go tobann, cic pionóis do Bhaile Átha Cliath. Bhí mo chroí i mo bhéal, ansin scóráil an captaen cúl iontach. 

Shéid an réiteoir a fheadóg arís. Deireadh an chluiche a bhí ann, bhí an bua againn. Bhí mé ar rothaí an tsaoil. Rith mé díreach isteach go lár na páirce. Bhí rírá agus ruaille buaille ann. Bhí gach duine ag canadh agus ag ceiliúradh. 

Bhéic mé le háthas agus bhí deora i mo shúile nuair a d’ardaigh an captaen an corn. Bhí mé tuirseach traochta caite amach agus chodail mé go sámh ón oíche sin. Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo. 

English version:
 

I well remember the day.  Dublin v Kerry in the All-Ireland final.  My parents gave me the tickets on my birthday.  I attended every game that year.  Now the big event was approaching me and I was excited! I was really excited to think about the day ahead.  I got up early that morning and looked out the window.  A storm was raging outside.  Bad day for a football game I thought!  I ate my breakfast quickly.  Then, out the door with me and I met my friend John at the train station.  There was a large crowd of Dublin supporters on the train.  When we reached the city center there was an electric atmosphere.   We had an excellent view of the park.  Without further ado the teams came out.  I sang 'Amhrán na Bhfiann'.  The referee then threw the ball in.  Unfortunately, Kerry scored a goal early in the game.  There was not a whimper or a whimper from Dublin supporters. 

At half time Kerry were one point ahead but I was very confident we would win.  There was tension to be felt.  A silly fight started on the sideline and my hero, Steven Cluxton, was sent off.   Almost at the end of the game they were tied.  The referee blew the whistle suddenly, Penalty kick for Dublin.  My heart was in my mouth, then the captain scored a great goal.  The referee blew his whistle again.  It was the end of the game.  We had the win.  I was on the wheels of life.  I ran straight into the middle of the field.  There was a roar and a roar of applause.  Everyone was singing and celebrating.  I cried with joy and there were tears in my eyes as the captain lifted the cup.  I was tired exhausted and had slept peacefully since that night.  I will never forget that day forever.