StudyNotes.ie

An fear - Is fear traidisiúnta é an fear chéile. Ba mhaith leis a bheith ina chónaí ina cheantar dúchais. Ba mhaith leis go mbeadh clann aige agus ag a bhean, agus ghlac sé leis go mbeadh na rudaí céanna ag teastáil uaithi. Cheap sé go mbeadh sé sona sásta leis an saol sin. Tá mianta an fhir dírithe ar an gclann agus ar an mbaile.

An bhean - Is bean neamhspléach, nua-aimseartha í. Bhí tuairimí difriúla aici faoin saol a bheadh aici agus í pósta. Ba mhaith léi cothromaíocht a bheith sa phósadh agus a roghanna féin a dhéanamh faoin saol. Ní raibh sí ag smaoineamh faoi pháisití agus ní raibh sí dírithe ar an teaghlach agus ar an mbaile. Ní raibh sí ag iarraidh a bheith lonnaithe san áit chéanna. Spiorad saor atá inti a bhí ag iarraidh taisteal agus bualadh le daoine eile.

Tá codarsnacht mhór idir mianta an fhir agus mianta na mná. Is léir nach bhfuil siad oiriúnach dá chéile agus déanann siad an cinneadh scaradh óna chéile.