StudyNotes.ie

Cén Íomhá is fearr leat sa dán seo?

  • Tá go leor íomhánna gléineacha sa dán seo.
  • Is íomhá éifeachtach é 'Brúim cnaipe na haipe' a aithneoidh gach duine.
  • Bímid go léir sáite san fhón cliste go rómhinic. Tá an file ag rá go mbímid ag cailleadh amach ar go leor rudaí tábhachtacha sa saol mar bímid sáite san fhón cliste.
  • Is íomhá eile é 'radharc fíor ama' den tiománaí ag féachaint ar an bhfile agus an bus ag dul thar bráid.
  • Ní thugann an file aird ar na rudaí atá ag tarlú thart air.
  • Tá sé sáite ina fhón póca ag seiceáil amchlár an bhus ar a aip.
  • Fuair sé 'radharc fíor ama' den tiománaí ag féachaint air agus an bus ag dul thar bráid.