StudyNotes.ie

Nuair a bhuail Lisín le Pól bhí sé mí-aibí (immature) agus aineolach (ignorant). Bhí sé ag obair i siopa. Áfach, mhúnlaigh Lisín é (Lisín moulded him) agus a bhuí léi (thanks to her), is duine rathúil, uaillmhianach, féin-dhéanta é anois (successful, ambitious, self-made man). Bhí dea-thionchar (good influence) ag Lisín air. Fear-gnó atá i mbarr a réime (in his prime). Oibríonn sé mar léactóir anois, tá a mhaoin déanta aige (his fortune is made), trí infheistíocht chliste sna stocmhargaí. Tá arasáin ceannaithe aige ar fud na hEorpa agus tá sé ag baint súip as an saol.