Tugann an file ceithre íomhá de shaol síochánta foirfe an oileáin. Sna híomhánna éagsúla, feicimid an duine agus an dúlra ag comhoibriú lena chéile. Bíonn cuid de na híomhánna dírithe ar an gcluas agus cuid díobh dírithe ar an tsúil. Sa chéad véarsa, tá íomhá ann d’fheirmeoir amuigh ag rómhar ina gharraí, ag cur glasraí. Tá an íomhá seo dírithe ar an gcluas. Níl tada le cloisteáil ach fuaim dhíoscánach na spáide. Is fuaim álainn cheolmhar í. Níl aon mháistir ag an bhfeirmeoir ach é féin agus an aimsir, agus oibríonn sé ar a luas féin. Úsáideann an file aidiachtaí moltacha dearfacha. Baineann binneas, síocháin agus áilleacht leis na híomhánna sa dán. Cruthaíonn an file atmaisféar ciúin síochánta. Tá an dara híomhá dírithe ar an tsúil. Feicimid an fheamainn dhearg ag taitneamh faoin ngrian ar an trá bhán. Bhí sé de nós ag na feirmeoirí feamainn a bhailiú le cur ar an talamh mar leasú san earrach. Tá gach rud geal agus álainn. Cé go bhfuil an obair seo crua, ní mhothaímid go gcuireann sé isteach ar an bhfeirmeoir. Tá an tríú véarsa dírithe ar an tsúil freisin. Feicimid muintearas an oileáin. Feicimid na mná le chéile ag baint feamainne ar an trá nuair ata an taoide imithe amach. Nuair a bhí an file óg, théadh sé lena mháthair agus leis na mná eile ag baint carraigín. Cruthaíonn an file atmaisféar suaimhneach sona. Tá an íomhá bunaithe ar chuimhní óige an fhile. Tá an ceathrú híomhá dírithe ar an gcluas agus ar an tsúil. Cloistear fuaim lag fholamh ó na maidí rámha, fuaim shuaimmhneach shíochánta. Arís tá an ghrian ag taitneamh san íomhá seo agus táimid in ann an fharraige órga a fheiceáil inár n-intinn. Íomhá é de lá foirfe ar an oileán agus léiríonn sé grá an fhile d’oileán a óige.