StudyNotes.ie

Nuala Ní Dhomhnaill a scíobh an dán seo. Rugadh i 1952 i Sasana í, ach d’fhill sí ar Éirinn nuar a bhí sí cúig bliana d’aois. D’fhan a tuismitheoirí i Sasana ar feadh tamaill ina dhiaidh sin. Bhí sí ina cónaí lena haintín i nGaeltacht Dhún Chaoin agus i gContae Thiobraid Árann. Gaeilge a labhraíódh sa bhaile. Rinne sí staidéar ar an nGaeilge agus ar an mBéarla i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Ba bhall í den ghrúpa INNTI, filí óga a bhí ag freastal ar an ollscoil ag an am céanna agus a d’fhoilsigh an t-irisleabhar ‘INNTI’. Cuireann sí an-suim sa bhéaloideas agus sna seanscéalta, go háirithe na cinn a bhaineann le mná. ‘Fhoilsigh sí a céad leabhar filíochta, ‘An Dealg Droighin’ i 1981. I measc na leabhar eile atá scríofa aici, tá ‘Feis’ (1991) agus ‘Pharaoh’s Daughter’ (1990). Scríobhann sí i nGaeilge amháin, ach aistríódh roinnt mhaith dá cuid dánta go Béarla, Fraincís, Iodálais, Gearmáinis agus Seapáinis. Tá go leor duaiseanna buaite aici agus is ball d’Aosdána í. Is bean láidir í freisin a chreideann go láidir i gcearta na mban.