StudyNotes.ie

Máirtín Ó Direáin a chum an dán seo. Rugadh é ar Inis Mór sna hOileáin Árann sa bhliain 1910. D’fhág sé an t-oileán chun dul ag obair in Oifig an Phoist i nGaillimh sa bhliain 1928. Chuaigh sé ag obair i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin agus chaith sé an chuid eile dá shaol ansin. Cé gur fhill sé go minic ar cuairt ar Inis Mór, níor chónaigh sé san áit tar éis 1928. D’fhéach sé ar an oileán mar áit cosúil le neamh mar bhí sé ag brath ar chuimhní a óige. Mar gheall ar sin, bíonn sé beagáinín maoithneach i gcuid dá dhánta. Tá ‘Coinnle Geala’ (1942) agus ‘Ó Mórna agus Dánta Eile’ (1957) ar chuid de na leabhair filíochta a scríobh sé. Scríobh sé úrscéal amháin, ‘Feamainn Bhealtaine’ (1961). Bhí an-suim aige sa drámaíocht freisin. Fuair sé bás i mBaile Átha Cliath i 1988.