StudyNotes.ie

Tá an file a rá go bhfuil an phearsantacht i bhfad níos tábhachtaí ná an chuma. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí ag déanamh mugadh magadh ar a grá, ach chun na fírinne a rá, tá sí ag aoradh na seandánta grá agus an bhéim a chuir siad ar an gcuma agus na híománna seafóideacha a bhí iontu ag déanamh comparáide idir gnéithe fisiciúla na mban go háirithe agus gnéithe den nádúr. Feicim go bhfuil teachtaireacht an dáin seo níos tábhachtaí anois ná riamh - go bhfuil an phearsantacht níós tábhachtaí ná an chuma.