StudyNotes.ie
  • Is gearrscéal é seo faoi dhéagóir darb ainm Pádraigín.
  • Tá sí ina suí ina seomra ranga ag brionglóideach.
  • Tá sí smaoineamh ar na hathruithe móra atá tar éis tarlú ina saol.
  • Rugadh a deartháir óg, Peadar, cúpla mí ó shin.
  • Roimhe sin, bhí a seomra féin aici.
  • Anois, áfach, tá sí roinnt seomra lena deirfiúr Aoife.
  • Faraor, níl sí sásta leis an athrú seo.
  • Ní réitíonn sí le hAoife.
  • Níl príobháideacht aici anois.
  • Mothaíonn sí nach bhfuil aon spás aici ina saol.
  • Sa seomra ranga, bhíodh spás aici go dtí le déanaí.
  • Faraor, dúirt an múinteoir go mbíodh sí i gcónaí ag brionglóideach agus bogadh go barr an ranga í.
  • Níl spás aici sa seomra ranga a thuilleadh.
  • Síleann sí go mbíonn a tuismitheorí ródhian uirthi.
  • Cuireann a tuismitheorí brú uirthi staidéar a dhéanamh.
  • Ní ligeann siad di dul chuig a seanmháthair ina haonar ach oiread.
  • Ar deireadh, smaoiníonn Pádraigín ar phlean. Scríobhfaidh sí chuig Mamó agus déarfaidh sí léi gur maith léi mí a chaitheamh ina teach.