StudyNotes.ie

An bhfuil leabharlann thart anseo?
Tá leabharlann againn anseo, cinnte ach ni ball mé. An dtuigeann tu? ní theim ann ach faighim leabhair mar bhronntanais anois is arís. Pé sceal é, is fuath liom a bheith ag léamh mar, i mo thuairim phearsanta fein, tá siad leadránach.

An dtéann tú go dtí an phictiúrlann?
Bhuel, an dtuigeann tu, tá mé cineál gafa laethanta seo, ach mar sin féin téimse go dtí an phictiúrlann anois is arís. Tá an scannáin ceart go leor. Is maith liom scannáin atá greannmhar ach is fuath liom scannáin faoin spórt!

Tá an ghráin agam ar an spórt, an dtuigeann tú! Is é Peter Jackson an stiúrthóir is fearr liom. Rinne se an scannán “Lord of the Rings”. Is breá liom é.

An mbíonn tú ag féachaint ar an teilifís?
A leithéid de cheist! Cinnte, bím ag féachaint ar an teilifís. bím ag éisteacht leis an raidió freisin, dala an sceil, ach dáiríre, is fearr liom an teilifís. Is é MTV an stáisiún teilifise is fearr liom. Is é Bruno Mars an t-amharánaí is fearr liom. Ó, is aoibhinn liom a bheith seinm ceoil… (relate to the ceol section).

An mbíonn tú ag eisteacht leis an raidió?
Bím ag éisteacht leis an raidió freisin, ar ndoigh. ach ní féidir liom éisteacht le stáisiúin raidió anseo. Éistim leis an stáisiún raidió sa hOileáin Fhilipíneacha, toisc go bhfuil sé níos éasca a thuiscint!

Cad a cheapann tú faoi na Meáin Chumarsáide?
A leithéid de cheist! Bhuel, tá taobh dearfach leis na Meáin Chumarsáide, ar ndóigh, ach an dtuigeann tú, tá taobh diúltach leo freisin, afach. Cinnte, tá na Meáin Chumarsáide cumhachtach, ach tá siad contúirteach freisin. Scaipeann siad eolas ar fud an domhain, ach chomh maith leis sin, scaipeann siad béadán agus ráflaí freisin. Leis an fhírinne a rá, fostaíonn na Meáin Chumarsáide na milliúin duine ar fud an domhain, ach cuireann siad brú mór ar dhaoine – go háirithe ar dhaoine óga.

An bhfuil fón póca agat?
Ó, a dhiabhail! Tá sé fhón póca sa teach! Tá ceann agamsa, tá ceann ag Daid, tá ceann ag Mam…. Dia ár sábháil, tá ceann ag gach duine sa teaghlach! Tá Samsung agamsa. Is fearr liom an Samsung, dáiríre. Tá sé an-easca le húsáid.

An bhfuil buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis an bhfón póca?
Úuuu, ní raibh mé ag súil leis an gceist sin! Fan go bhfeice mé, bhuel… cinnte tá buntaístí ag an bhfon poca, ar ndoigh, ach tá míbhuntáistí ag baint leis freisin. An dtuigeann tú, bíonn tú ábalta glaoch a chur ar do chairde ag an am ar bith as áit ar bith. Ach má bhíonn fón póca agat, bíonn teach ort i gcónaí. Ní féidir éalú. Chomh maith leis sin uaireanta ceanglaítear an fón póca le timpistí bóthair. Mar sín, bíonn dhá thaobh ar gach scéal.