StudyNotes.ie

Cad a dhéanfá dá mbuafá an Crannchur Náisiúnta?

Ó, a dhiabhail! A leithéid de cheist! N’fheadar.. fan go bhfeice mé. Bhuel.. ar dtus, an bhfuil ‘fhios agat, ligfinn scread dochreidte asam! Ansin, ar ndoigh, thosóinn ag smaoineamh ar conas an t-airgead a chaitheamh.

Anois, mar a déarfá, rachainn ar saoire creid e no na creid! Rachainn go Sasana, go Meiriceá, go dtí an Fhrainc, go dtí an Spáinn- timpeall an domhain ar fad! Ar ndoigh, thabharfainn airgead do na boicht agus do mo mhuintir freisin.

Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do Thaoiseach ar an tir seo?
Bhí mé ag súil leis an gceist sin. Bhuel, ar ndóigh post tábhachtach is ea post an taoisigh agus tá go leor dualgaisí ag baint leis. Bíonn an tír ag brath go mór ar na cinní a dhéanann an Taoiseach- mar is eol do gach duine! Bhuel, ar an gcéad dul síos, chuirfinn níos mó áiseanna ar fáil do dhaoine óga.. fan go bhfeice me…, ó’sea.. agus chomh maith leis sin, chuirfinn stop le caimiléireacht pholaitiúil agus le málaí donna páipear, ann dtuigeann tu?

Cad a dhéanfá dá mbeifeá i do Phríomhoide ar an scoil seo?
Ó, a dhiabhail. An bhfuil ‘fhios agat, dá mbeinnse i mo Phríomhoide ar an scoil seo, thabharfainn níos mó saoirse do na scoláirí. Agus thabharfainn seomra caidrimh dóibh freisin. Ó, agus an bhfuil ‘fhios agat, ligfinn do na scoláirí a gcuid éadaigh féin a chaitheamh agus a rogha stíl gruaige a bheith acu.