StudyNotes.ie

Eolas Fúm Féin Is Faoi Mo Mhuintir

Cén chaoi a bhfuil tu?/ Cad é mar atá tú?/Conas ata tú? 

-Tá mé beagáinín neirbhiseach. Leis an fhírinne a rá, tá mo chroí i mo bhéal.

Cén seoaladh bhaile atá agat? 

-______________ an seoladh atá agam.

Mé Féin

Eddie is ainm dom. Is as na (hOilleáin) Fhilipineacha mé. Rugadh mé ar an seachtú lá d’Eanáir. Tá sé seacht mbliana déag d’aois.

Mo Mhuintir

  • Bhuel, i dtús báire, tá ceathrar I mo theaghlach: mo dhaid, mo mham, mo dheirfiúr, Nicole, agus mé féin. Níl aon dhearthair agam. Is í Nicole an duine is sine agus is mise an duine is oige. Tá sí ocht mbliana déag d’aois. Tá sí sa choláiste. Tá sí ag freastal ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sí sa choláiste chéad bhliain. Tá sí ag déanamh cuntasaíochta. I gcoitinne, réitím go maith lei mar tá suim againn sna rudaí céanna cosúil le ceol. Ach uaireanta bíonn argóintí beaga againn faoi gnáthrudaí a tharlaíonn i ngach teach. Mar shampla, bíonn sé ag spochadh asam go minic. Amie is ainm do mo mham agus is altra í. Eddie is ainm do mo dhaid agus is innealtoir é. Réitím go maith leo. Tuigeann siad go bhfuil mé faoi bhrú i mbliana agus tugann siad an-tacaíocht dom.
  • Ní teach scoite atá againn, is teach leathscoite é. Is teach dhá stór é. Tá  naoi seomraí sa teach. Thuas staighre, tá trí sheomraí codlata agus dhá seomra folchta ann. Agus thíos an staighre, tá seomra suí, cistin mór, seomra folchta agus an seomra ceoil. (Is brea liom ceol, seinnim an giotar agus pianó.) Teach compordach atá ann. Tá gairdín beag againn, buíochas le Día, agus is beag obair atá le déanamh ann.
  • Is é mo sheomra codlata an seomra is fearr liom. Tá mo sheomra féin agam. Tá leaba, deasc, cathaoir agus vardrús ann. Tá seilfeanna ann agus cuirim mo leabhair orthu. Is féidir liom mo scith a ligean ann mar is áit chiúin, chompordach, síochanta é. Téim ann chun mo chuid obair bhaile a dhéanamh ann. Ní bhíonn aon daoine ag cur isteach orm. Ceapaimse go bhfuil mo sheomra an-néata ach deir mo mham go bhfuil sé lofa salach i gcónaí!

Mo Chairde

Conaíonn mo chairde sa cheantar seo. Ag an deireadh seachtaine, téann muid go lár na cathrach. Féicimid ar scannán. Ach níl a lán airgid againn!