StudyNotes.ie

Jisna Jis

· 1 min read · 526 views

Rugadh Caitlín Maude i Ros Muc i gContae na Gaillimhe i 1941. Thosaigh sí ag scríobh dánta agus í fós sa mhéanscoil. Bhain sí céim BA amach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. Chaith sí bliain amháin ag obair i Sasana. Múinteoir scoile, ceoltóir, drámadóir, aisteoir agus file ab ea í. Amhránaí álainn ab ea í freisin, go háirithe ar an sean-nós. Throid sí chun cearta a fháil do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht. Bhí baint aici leis an eagraíocht ‘Coiste Cearta Sibhialta na Gaeltachta’. Bhí páirt Mháire aici sa chéad léiriú den dráma ‘An Triail’ i 1964.

Foilsíodh dhá chnuasach filíochta dá cuid tar éis a báis: ‘Dánta’ (1984) agus ‘Drámaíocht agus Prós’ (1988). Scríobh sí an dráma ‘An Lasair Choille’ (1962) le Mícheál Ó hAirtnéide. Fuair sí bás i 1982.