StudyNotes.ie

Tosóidh mé leis an gcéad phictiúr. Sa phictiúr seo, feicimid beirt chailíní i dteannta a chéile ar shráid truaillithe. Tá an áit bun os cionn. Tá na boscaí bruscair ag cur thar maoil agus tá bruscair caite ar fud na háite. Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil na cailíní sásta. Deir Siobhán, an cailín leis an gruaig fhionn, go bhfuil an sráid déistineach ar fad! Aontaíonn Máire, an cailín leis an gruaig dhubh, léi. Caithfear feabhas a chur ar chuma na háite gan dabht.

Leanfaimid ar aghaid go dtí pictiúr a dó. An lá dar gcionn, eagraíonn Máire cruinniú Chomhairle an Phobail chun an fhadhb a phlé. Cuireann sí béim ar thábhacht na timpeallachta agus na dualgais atá acu mar shaoránaigh. Eagraíonn siad glantachán poiblí don deireadh seachtaine. Fadhb eile a thagann chun solais ná saol sóisialta an bhaile. Tá easpa acmhainní ina cnámh spairne. 

I bpictiúr a trí, feicimid an glantachán faoi lán seoil. Ta cuma i bhfad Éireann níos fearr ar an áit ina dhiaidh. Bailíonn na hoibrithe deonacha an bruscar ar fad i málaí móra dubha. Tá bibeanna lonracha orthu. Ba bheag nach raibh muintir na háite in ann an sráid a aithint! Mar a deir an seanfhocal, ní neart go cur le chéile.

Pictiúr a ceathair anois. Chomh maith leis an nglantachán, cuirtear béim ar thimpeallacht sóisialta an bhaile. Sa chéad leath den phictiúr, feicimid ceolchoirm bheag ar siúl i gcomhair seanóirí an bhaile mar shiamsaíocht. Glacann amhránaí páirt ann go deonach. Baineann an lucht-féachanna an-sult as. Sa dara leath den phictiúr, tá cruinniú, maidir le, ‘Pobal ar Aire’ ar siúl. Labhraíonn Garda faoi na fadhbanna sa cheantar agus bíonn deis ag an bpobal ceisteanna a chur. Bíonn slua mhór ann de shíor.

Bogfaimid ar aghaidh go dtí pictiúr a cúig. Feicimid roinnt ranganna oíche éagsúla a reachtálann halla an phobail. Bíonn ranganna cócaireachta, ranganna ríomhaireachta, agus fiú ranganna garraíodóireachta ar siúl. Gan dabht, is áis iontach í. Is léir go bhfuil éileamh ar na ranganna seo, mar freastalaíonn idir fhir agus mhná orthu. Ag deireadh an lae, is maith le daoine a scíth a ligint agus scileanna nua a fhoghlaim, chomh maith le cairde nua a dhéanamh.

A Thiarcais, an pictiúr deirneach anois. Sa phictiúr seo, bronntar seic ar luath dhá mhíle cúid chéad euro ar an mbaile as ucht an dul chun cinn atá déanta acu le déanaí. Is mór an onóir é seo agus is cinnte go bhfuil a rath tuillte acu. Freisin, bronntar corn orthu leis an inscríbhínn ‘An baile beag is mó feabhas’ air. Déanann na heagrathóirí comhghairdeas leo agus molann siad dóibh leanacht ar aghaidh lena gcuid oibre. Tús maith leath na hoibre!