StudyNotes.ie

Téamaí an drama

1.An timpeallacht

Is é an timpeallacht téama an drama seo- truailliú na timpeallachta agus tábhacht na timpeallachta.

Sa drama seo, téann grúpa daoine óga chuig áit álainn ar phortach. Tá radharc álainn ar loch agus sliabh chun péintéireacht a dhéanamh den tírdhreach álainn. Feiceann said málaí plaisteacha, adhmad agus bruscar ar bhruach an locha sa ghleann álainn .Cuireann sé sin isteach go mór orthu.

Téann na daoine óga I bhfolach chun breith ar na daoine atá ag dumpáil an bhruscair in aice an locha. Tagann beirt fhear, mar atá, Séamus Dubh agus Peadairín, agus tosaíonn said ag dumpáil carn adhmaid agus málaí plaisteacha in aice an locha.

Feiceann Peadairín fógra na comhairle contae go bhfuil cos car dhumpáil san áit ach ní chuireann sé isteach ar Shéamus Dubh agus leanann said said orthu ag dumpáil an bhruscair.

Tógann Seosamh, duine de na daoine óga, grianghraif de na fir ag dumpáil an bhruscair.

Eagraíonn na daoine óga agóid lasmuigh d’fhoirgneamh na comhairle contae.

2) An chaimiliéireacht

Téama eile atá le feiceáil sa drama seo is ea an chaimiliéireacht.

Deir  Séamus Dubh nach gá dóibh a bheith buartha toisc go bhfuil ‘na cairde cearta’ acu. Luann sé an Teachta Dála, Seán Mac an Mháistir mar dhuine de na boic mhóra a bhfuil said cairdiúil leis.Dar le Séamus Dubh, choinneodh Seán Mac an Mháistir ‘smacht’ ar aon oifigeach eile sa chomhairle contae dá mbéarfaí orthu ag dumpáil an bhruscair.

Níos déanaí sa drama tháinig an T.D isteach chuig oifig duine de na hoifigigh sa chomhairle contae agus thug sé clúdach donn lán d’airgeadchun an cás cúirte a bhain le Séamus Dubh agus Peadairína tharraingt siar. Dúirt se gur dhaoine maithe iad an bheirt agus go raibh sé cinnte go raibh ‘fianaise bhréigh á chur ina gcoinne.’

Buaicphointe an drama

Is é buaicphointe an drama Gleann Álainn ná nuair a bhuann na daoine óga a gcás cúirte I gcoinne Shéamuis Dhuibh agus Pheadairín Thoin an Bhaile.Éiríonn leo an dlí a chur ar an mbeirt fhear agus gearrann an breitheamh ocht gcéad euro orthu. Éiríonn le na daoine óga feabhas éigin a chur ar an domhan agus an fód a sheasamh I gcoinne thruailliú na timpeallachta.

Would you have notes on the characters by any chance?

just wondering if you have any notes on the quort and if so any in english?

Do you know who the author of this drama is?

Do you have the themes for the drama?