StudyNotes.ie

“Maoithneachas na deoraí agus é ag caitheamh I ndiaidh a bhaile dúchas is ábhar don dán seo”

Aontaím go huile is go hiomlán leis an ráiteas thuasluaite seo. Cruthaíonn an file pictiúr an-rómansúil sa dán seo. Bhraith sé uaidh saol ciúin Árann. Dar leis an bhfile tá Inis Mór foirfe, tá sé cosúil le neamh de shaghas éigin. Cumhnaíonn sé ar laethanta a óige le grá agus le hómós. Mar shampla bhí an aimsir go bréa agus bhí an fharraige iontach séimh sa dán “I mbrothall lae”. Chomh maith le sin baineann gach íomha leis an duine ag comhoibriú leis an dúlra agus an nádúr chun teacht slán “curach lán éisc”. Ní luann sé an fhuacht nó fiú cruatán a bhain leis an obair seo. B’fhéidir go bhfuil na cuimhní beagainín maoithneach ach tá siad mealltach agus draíochtúil chomh maith.

Anuas ar sin is é teideal an dáin ná “An t-Earrach Thiar”  agus tá athrá ar an teideal I ngach véarsa den dán. Sílim go bhfuil  na mothúcháin ag baint leis an athrá an-eifeachtach mar go gcuireann sé béim láidir arc é chomh tábhachtach is a bhí cuimhní an fhile ar an oileán san earrach fadó dó – “San Earrach Thiar, San Earrach Thiar”. Ar bharr sin is siombail an dán féin de shaol a bhí imithe I léig agus ar shlí na fírinne leis na blianta.

Léiríonn an file muintearas agus an spioraid pobail a bhain le saol an oileáin sa tríú véarsa. Nuair a bhí Ó Direáin (an file) óg, agus é ina chónaí ar an oileán chuaigh sé amach ag baint carraigín leis na mná ar an trá. “Mná I locháin”. Bhain na mná taitneamh, sos agus faoiseamh as a bheith lena chéile, ag caint is ag comhrá. Sa vearsa seo léirítear fírinne an tseanfhocail “is ar scath a chéile a mhaireann na daoine”. Measaim féin go pearsanta gur chum sé an véarsa seo mar cheap sé go raibh muintearas agus meas in easnamh I mBáile Átha Cliath.

Níl faic le cloisteáil seachas fuaim dhíoscánach na spáide ar lá meirbh sa chéad véarsa. Mothaímid nach raibh aon fhuadar faoinn bhfeirmeoir, nach raibh cíos, cás nó cathú air agus e ag obair go mall. “De ghimseán spáide sa gciúnas séimh”.

Ceapaim gur chum an file an dán seo ionas éalú ó shaol olc na cathrach. Mar gheall ar sin tá an dán lán le cuimhní síochánta ach fós measaim go bhfuil s élan le huaigneas freisin.